Beidh 3,800 Áitreabh eile i nGaillimh réidh le nascadh níos déanaí in 2024 – moltar do chónaitheoirí clárú chun an t-eolas is déanaí a fháil.

: Is é Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann (NBI) an comhlacht atá ag cur an líonra nua ardluais cábla snáthoptaice go háitreabh ar fáil faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda (PNL) thar ceann an Rialtais. Tá sé curtha in iúl ag NBI anois gur féidir leo níos mó ná 1,000 áitreabh a cheangal leis an líonra i nGaeltacht na Gaillimhe gar dá limistéar idirghabhála i Leitir Móir, limistéar a áiríonn ceantair Leitir Móir, Gharmna agus Leitir Mealláin. Tá sé fógartha ag NBI freisin go mbeidh 3,800 áitreabh eile i gContae na Gaillimhe réidh le ceangal le líonra PNL amach sa mbliain. 

Tá líonra Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann ar fáil anois do bhreis agus 1,000 áitreabh i nGaeltacht na Gaillimhe agus cuirfidh sé ar a laghad 500 meigighiotán in aghaidh an tsoicind ar fáil do thithe, gnólachtaí, feirmeacha agus scoileanna. Is é seo an infheistíocht is mó atá déanta i gceantair thuaithe na hÉireann ó leictriú na tuaithe agus cuirfidh an Rialtas €153 milliún d’infheistíocht ar fáil do Chontae na Gaillimhe faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda faoina gcuirfidh Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann rochtain ar leathanbhanda iontaofa ardluais ar fáil do 40,000 áitreabh i nGaillimh sa deireadh. 

Tá 1,066 áitreabh i gceist i gceantar NBI Leitir Móir agus is féidir leo leas a bhaint as líonra Leathanbhanda Náisiúnta Éireann anois. Tá Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann ag iarraidh ar dhaoine atá ina gcónaí gar do Leitir Móir agus do Gharmna dul go dtí nbi.ie/map/ agus a nÉirchód a chur isteach chun go bhfaighidh siad amach cén chaoi ar féidir leo ceangal a dhéanamh.

Tá an obair curtha i gcrích cheana féin in áiteanna eile i nGaillimh agus is féidir le 17,806 áitreabh leathanbhanda ardluais iontaofa a réamhordú nó a ordú ar fud an chontae cheana féin. 5,716 ceangal atá déanta go dtí seo.

Cuirfear an obair i gcrích i gceantair eile chur i bhfeidhm céimneach NBI na Gaillimhe i mbliana, rud a cheanglóidh 3,800 teach, gnó agus feirm eile sa chontae.  Beidh os cionn 3,000 áitreabh tuaithe timpeall ar Phort Omna in ann ceangal le líonra Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann sa dara leath den bhliain, agus beidh beagnach 800 áitreabh gar do shráidbhaile Chill Choirín réidh le ceangal le leathanbhanda snáithín roimh dheireadh na bliana. Tá NBI ag iarraidh ar dhaoine atá ina gcónaí sna ceantair sin clárú ar nbi.ie/eoi chun go mbeidh siad in ann an t-eolas is déanaí a fháil faoin uair a mbeidh leathanbhanda ar fáil ina gceantar féin.

Dúirt Peter Hendrick, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann: Tá lúcháir orainn a fhógairt gur féidir le háitribh i nGaillimh sna ceantair Ghaeltachta gar do Leitir Móir agus Garmna seirbhísí leathanbhanda ardluais a ordú anois trí líonra Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann. Cuirfidh sé seo ar chumas úsáideoirí taithí a fháil ar na tairbhí ollmhóra a bhaineann le leathanbhanda ardluais.

“Faoi láthair, is féidir le breis agus 17,800 teach, gnó agus feirm i gContae na Gaillimhe leathanbhanda snáithín ardluais a ordú chun ceangal leis an Líonra Leathanbhanda Náisiúnta. Áirítear leis seo beagnach 2,600 áitreabh i mBaile Átha an Rí, os cionn 1,100 in Indreabhán, os cionn 2,500 ar an nGort, beagnach 2,500 i mBaile Locha Riach, os cionn 1,500 i nGoirtín agus os cionn 3,700 sna ceantair thuaithe thart ar chathair na Gaillimhe.

“Táimid ag súil le ceangal a chur ar fáil do 3,800 áitreabh eile sna ceantair ina bhfuil muid ag obair i nDún Doighre agus i gCill Choirín de réir a chéile amach sa mbliain agus iarrann muid ar chónaitheoirí sna ceantair sin clárú don eolas is déanaí ó NBI.”

Is oibreoir líonra mórdhíola é NBI agus dá bhrí sin, ní dhíolann sé leathanbhanda snáithín go díreach le húsáideoirí deiridh, ach ceadaíonn sé seirbhísí ó réimse soláthraithe leathanbhanda nó Soláthraithe Seirbhíse Miondíola (SSManna). De bhrí gur soláthraí mórdhíola é, cuirfidh NBI an líonra nua cábla snáthoptaice go háitreabh ar fáil do gach SSM atá ag feidhmiú sa Limistéar Idirghabhála.   

Tá thart ar 66 SSM cláraithe cheana féin chun seirbhísí a dhíol ar líonra Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann agus deimhníodh go bhfuil 59 acu réidh le tosú ag ceangal ón lá inniu ar aghaidh. Chun na soláthraithe leathanbhanda miondíola a fuair cead díol ar líonra Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann a fheiceáil, tabhair cuairt ar NBI.ie/buy.

Tá conraitheoirí Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann ar fud na tíre agus is féidir le breis agus 220,648 áitreabh leathanbhanda a ordú nó a réamhordú ar líonra NBI go dtí seo.

Déantar nuashonrú rialta ar shuíomh gréasáin Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann chun dátaí ceangail measta a thaispeáint. Is féidir clárú le haghaidh fógraí ríomhphoist NBI ag /eoi/ chun stádas is déanaí an áitribh a fháil go héasca le linn chur i bhfeidhm céimneach an líonra agus nuair a bheidh an t-áitreabh réidh le ceangal a fháil amach.  

Bí Cothrom le Dáta!  

Tá NBI ag moladh do dhaoine a n-incháilitheacht a sheiceáil agus clárú chun an t-eolas is déanaí a fháil ar www.nbi.ie chun go bhfaighidh siad fógraí rialta maidir lena n-áitreabh féin de réir mar a bhíonn an obair ag dul ar aghaidh ina gceantar féin.  

Pointí Ceangail Leathanbhanda

Sula gcuirtear tús leis na cáblaí snáthoptaice a thabhairt isteach chuig na háitribh, cuireann NBP Pointí Ceangail Leathanbhanda (PCL) ar fáil ar fud na tíre. Tá 955 de na suíomhanna seo, lena n-áirítear PCLanna Poiblí, ‘beo’ anois. Cuirfidh PCLanna poiblí – lena n-áirítear clubanna spóirt, ionaid phobail agus láithreáin turasóireachta – rochtain phoiblí saor in aisce ar an idirlíon ardluais ar fáil sa limistéar cur chun feidhme. Tá scoileanna agus marglanna i measc na gcatagóirí PCL eile.

Réiteoidh PCLanna an bealach do phobail tuaithe chun go mbeidh siad ábalta lántairbhe a bhaint as leathanbhanda, idir obair ar an bhfón, ríomhfhoghlaim, baincéireacht mhóibíleach, agus turasóireacht dhigiteach. Is féidir féachaint ar na PCLanna ar www.nbi.ie/bcp-map/. I measc samplaí d’áiteanna i Laois a bhfuil Pointí Ceangail Leathanbhanda tá Ionad Oidhreachta na Leacan agus Músaem Theach Altranais Clarenbridge agus Club Iomána Sylane. Tá bunscoileanna sa Limistéar Idirghabhála á gceangal freisin le haghaidh rochtain oideachais mar chuid den PNL.