Tá Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann ar sprioc anois i dtaca leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda a chur ar fáil. Tá níos mó ná 130,000 teach, gnólacht, feirm agus scoil i gcuid de na ceantair is iargúlta in Éirinn ceadaithe don soláthar céimneach leathanbhanda agus is féidir leo teacht anois ar leathanbhanda snáithín ardluais. Beidh os cionn leathmhilliún teach agus ionad i gceist sna blianta amach romhainn.

Tá éifeacht dhomhain agus dhearfach ag an tionscadal seo ar cheantair thuaithe na hÉireann. Is féidir méid an tionscadail a chur i gcomparáid leis an am a cuireadh leictreachais ar fáil i gceantair thuaithe na hÉireann sna 1940idí agus sna 1950idí agus tá an acmhainn chéanna aige athrú ó bhonn a chur ar an gcaoi a n-oibríonn muid agus a mhaireann muid i gceantair thuaithe.

Cuirfidh Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann rochtain ar leathanbhanda ardluais ar fáil do 27,000 teach, feirm agus gnólacht sa Ghaeltacht. Beidh tionchar aige sin ar cheantair Ghaeltachta ar fud Chorcaí, Dhún na nGall, na Gaillimhe, Chiarraí, na Mí, Mhaigh Eo agus Phort Láirge chomh maith le pobail oileáin na tíre. Tá an obair curtha i gcrích ar 3,000 de na háitribh go dtí seo agus tá an obair le cur i gcrích ar 4,000 áitreamh eile faoi dheireadh na bliana 2023. Leis an soláthar céimneach seo, cuirfear deiseanna nua eacnamaíochta ar fáil don Ghaeltacht agus cuideofar todhchaí na Gaeilge i sochaí dhigiteach an lae inniu a shábháil.

Tá ról ollmhór ag an bhfáil atá ar leathanbhanda iontaofa ardluais maidir le deis a thabhairt do dhaoine agus do ghnólachtaí páirt iomlán a ghlacadh in go leor gnéithe a bhaineann leis an ngnáthshaol agus an saol oibre. Áiríonn an Coimisiún Eorpach teacht a bheith ar leathanbhanda ardluais mar phríomhcholún d’fhorbairt eacnamaíochta agus shóisialta ar fud an AE. Tarraingíodh aird freisin sa phaindéim ar chomh tábhachtach agus atá nascacht agus an chaoi a mhaireann muid. Tacaíodh le gnólachtaí fanacht i mbun gnó, ligeadh do leanaí agus do mhic léinn na hÉireann leanúint orthu oideachas a bhaint amach agus ligeadh dúinn ar fad fanacht ceangailte le linn na dianghlasála.

Mar sin féin ní raibh an rochtain sin mar an gcéanna do gach cuid d’Éirinn agus bhí na daoine sin nach raibh ceangal iontaofa idirlín acu faoi mhíbhuntáiste i leith nithe bunúsacha den saol le linn shrianta Covid. Ó tharla go bhfuil go leor de na nósanna a tháinig chun cinn le linn na dianghlasála amhail obair chumaisc anois mar bhunchloch i saol na hÉireann, tá an baol ann go dtiocfaidh scoilt chun cinn idir na daoine sin a bhfuil teacht acu ar sheirbhísí digiteacha agus na ndaoine sin nach bhfuil. Is é sin an fáth go bhfuil sé ríthábhachtach go leanfar leis an soláthar céimneach leathanbhanda go tapa.

Tá muid in ann an difríocht atá ar shaol na ndaoine de bharr go bhfuil teacht acu ar leathanbhanda ardluais a fheiceáil cheana féin. Den chéad uair tá rogha ag oibrithe i gceantair thuaithe na hÉireann obair a dhéanamh ó chian seachas turas fada a dhéanamh chun na hoibre sna cathracha móra, gníomh a théann chun tairbhe an chomhshaoil. Tá nascacht anois ag gnólachtaí beaga chun an méid gnó a dhéanann siad ar líne a mhéadú. Tá feirmeoirí in ann úsáid a bhaint as nuálaíochtaí agus teicneolaíochtaí nua-aimseartha ina gcuid oibre feirme. Tá teaghlaigh in ann na cláir is ansa leo a shruthú agus na nithe nach mór ag go leor againn atá ina gcónaí i lárionaid uirbeacha a dhéanamh.

Trí sholáthar céimneach Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann, ní bheidh teacht a bheith agat ar dheiseanna agus seirbhísí digiteacha ríthábhachtacha bunaithe ar an áit a bhfuil cónaí ort a thuilleadh. Beidh rogha ag daoine tabhairt faoina ngairm bheatha sna háiteanna agus pobail ar tógadh iad. Is féidir leo rogha a dhéanamh athlonnú as na bailte agus cathracha móra gan cur as dá nascacht.

Labhair Cathaoirleach Leathanbhanda Náisiúnta na hÉireann David McCourt faoin bhfís atá aige chun deiseanna in Éirinn a dhílárú. Rinneadh cur síos air san Economist mar “teileachumarsáid cheannródaíoch” agus is éard a dúirt David, duine de na tráchtairí is glóraí ar fud an domhain gan amhras, faoi aghaidh a thabhairt ar an scoilt dhigiteach seo atá idir ceantair thuaithe agus uirbeacha: “Is é an fhís chéanna atá agam anois don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda is a bhí agam an chéad lá; is é sin fostaíocht a chur ar fáil agus dínit a léiriú le go mbeidh spiorad níos aontaithe sa phobal i gceantair thuaithe na hÉireann. Má éiríonn linn an leathanbhanda snáithín a chur isteach, spiorad fiontraíochta a chur chun cinn agus éiteas comhoibríoch a chur ar fáil, tiocfaidh borradh mór faoin bhfiontraíocht i gceantair thuaithe na hÉireann.” 

Is cuma cé chomh bríomhar is atá ár mbailte agus sráidbhailte beaga in Éirinn, is sna cathracha atá na scoileanna is fearr, na hospidéil is fearr, na poist is fearr agus an bonneagar is fearr. Tá buntáiste dochreidte ag ceantair uirbeacha, a bhuíochas go pointe áirithe don teacht atá acu ar nascacht agus ar sheirbhísí digiteacha. Fágadh go leor ceantair thuaithe gan freastal ceart á dhéanamh orthu, rud a chruthaíonn saincheisteanna agus fadhbanna iarmhartacha agus a chuireann srian lenár gcumas.

Ní mór d’Éirinn poist a chruthú sna háiteanna a bhfuil daoine ag maireachtáil. Ní mór dúinn tríd an teicneolaíocht cuideachtaí nua a chruthú, forbairt a dhéanamh ar ghnólachtaí atá ann cheana féin agus fostaíocht a spreagadh ar bhealach atá cothrom ó thaobh na réigiún de.

Beidh deis ag geilleagar áitiúil na Gaeltachta éagsúlú go hearnálacha nua atá ag teacht chun cinn, agus neartóidh sé sin tuilleadh an fhostaíocht sna pobail sin chomh maith le deiseanna do dhaoine óga a fheabhsú sna ceantair sin. Tacófar leis an misean atá ag Údarás na Gaeltachta a chinntiú go gcaomhnófar an Ghaeilge trí phoist a chruthú agus tionscnaimh chultúir.

Is é príomhchuspóir Phlean Digiteach an Rialtais don Ghaeilge earnáil bhríomhar teicneolaíochta Gaeilge a bhunú ionas go mbeidh an pobal in ann tabhairt faoi na deiseanna i sochaí an lae inniu.

Is príomhaidhm é freisin an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn i spásanna digiteacha.  Is cuid shainiúil de chultúr agus d’oidhreacht na hÉireann teanga náisiúnta na hÉireann.  Tá sé de rún ag an Stát go mbeidh teacht ionchuimsiteach ag aon duine a bhfuil suim aige/aici sa Ghaeilge ar thacaíocht agus áiseanna le go mbeidh siad in ann an Ghaeilge a úsáid go héasca sa spás digiteach ar bhonn laethúil. Beidh gá úsáid a bhaint as réimse de theicneolaíocht dhigiteach, teicneolaíocht a bheidh le forbairt don Ghaeilge sna blianta amach romhainn.

Beidh ceantar Gaeltachta atá seasmhach agus bríomhar níos tairbhí d’Éirinn. Beidh neart le déanamh sna blianta amach romhainn le go mbeidh borradh faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht sa ré dhigiteach. Beidh soláthar céimneach an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda ina bhunchloch don obair sin.