Oileáin Dhún na nGall agus Mhaigh Eo chun tairbhe a bhaint as agus roinnt cónaitheoirí in ann anois ordú a dhéanamh

D’fhógair Leathanbhanda Náisiúnta Éireann (NBI) inniu, is é sin an chuideachta a bhfuil an líonra leathanbhanda snáithín ardluais nua á fheidhmiú go céimneach aici faoi Phlean Náisiúnta Leathanbhanda (NBP) an Rialtais, go bhfuil bonneagar leathanbhanda ardluais á sholáthar aige faoi láthair go sé oileán amach as cósta Dhún na nGall agus Mhaigh Eo.

Is iad na hoileáin sin Eadarinis / Inis Cú, an tÍochtar, Inis Mhic an Doirn agus Inis Fraoigh amach as cósta Dhún na nGall, mar aon le hInis Laidhre agus Collainn Mhór amach as cósta Mhaigh Eo.

Chríochnaigh NBI an suirbhé innealtóireachta agus an chéim dearaidh den tionscadal ar na hoileáin sin cheana féin agus tá ceithre acu (Collainn Mhór, an tÍochtar, Eadarinis / Inis Cú agus Inis Mhic an Doirn) á dtógáil faoi láthair, rud a chiallaíonn go bhfuil gníomhachtú na seirbhíse sceidealaithe do R1 2022.

Beidh cáilíocht agus luasanna leathanbhanda a bheidh ar fáil ar na hoileáin ar an leibhéal céanna agus atá sna bailte atá nasctha tríd an NBP ar an mórthír. Ón lá inniu, tá seirbhís leathanbhanda ardluais á tairiscint ag líonra NBI d’úsáideoirí lena mbaineann luas íoslódála íosta de 500Mbps ón tús agus an rogha ann leas a bhaint as seirbhís 1Gbps.

Dúirt Peter Hendrick, POF Leathanbhanda Náisiúnta Éireann, “Is cuspóir bunúsach an NBP tírdhreach leathanbhanda na tíre a athrú ó bhonn go radacach trí leathanbhanda ardluais, ardchaighdeáin, inacmhainne a sholáthar do gach limistéar in Éirinn a fágadh ar deireadh ag oibritheoirí tráchtála; agus tá na hoileáin san áireamh leis sin.

Is í ár dtuairim, tríd an bonneagar seo den chéad scoth a thógáil, go gcinnteofar go mbeidh rochtain ag daoine uile agus ag gnólachtaí uile ar na hoileáin ar líonra leathanbhanda atá in ann tacú le riachtanais chumarsáide, faisnéise, oideachais agus siamsaíochta na glúine reatha agus na nglúnta le teacht.

Chreid NBI i gcónaí go gcuirtear dul chun cinn sóisialta, comhionannas agus inbhuanaitheacht chun cinn le líonraí leathanbhanda níos fearr agus creidimid go ndéanfar pobail na n-oileán a chumasú níos mó a bhaint amach tríd an tionscnamh seo; agus na dúshláin gheografacha uathúla á dtabhairt san áireamh, baineann an poitéinseal leis an tairbhe eacnamaíoch agus sóisialta atá le fabhrú ón tionscadal le bheith dearfach ar bhonn díréireach.”

Dúirt Rhoda Twombly, Rúnaí Chomhdháil Oileáin na hÉireann, “Tá áthas ar Chomhdháil Oileáin na hÉireann le feiceáil go bhfuil tús curtha le feidhmiú céimneach NBI snáithín chun an bhaile ar na hoileáin. Tá muid ag tnúth le seachadadh ar na hoileáin uile. Trí leathanbhanda ardluais iontaofa cuirfear ar chumas na n-oileán cónaitheoirí nua a mhealladh, agus oileánaigh a choinneáil ar na hoileáin ar mian leo obair a dhéanamh go cianda.”

Tá NBI ag spreagadh daoine chun coinneáil cothrom le dáta le nuashonruithe a bhaineann go sainiúil le hEirchód ag /eoi/ agus tá cuireadh á thabhairt aige do chónaitheoirí ar Chollainn Mhór, ar an Íochtar, ar Eadarinis / Inis Cú agus ar Inis Mhic an Doirn chun seirbhís a ordú óna Soláthraí Seirbhíse Miondíola roghnaithe.

Tá Leathanbhanda Náisiúnta Éireann ag obair go gníomhach ar fud na tíre chun an líonra Snáithín chun an Bhaile, ardluais, nua a dhearadh agus a thógáil, lena nascfar níos mó ná 1.1 milliún duine agus níos mó ná 554,000 áitreabh i Limistéar Idirghabhála an tionscadail.

Sula gcuirfear Snáithín chun an Bhaile i bhfeidhm go céimneach, soláthróidh NBI Pointí Nasctha Leathanbhanda (BCPanna) ar fud na tíre. Suiteáladh 430 BCP go dtí seo, agus tá 333 de na láithreáin sin “beo” anois. Leis na saoráidí sin – lena n-áirítear clubanna spóirt, ionaid phobail agus láithreáin do thurasóirí – soláthraítear rochtain phoiblí saor in aisce ar idirlíon ardluais i limistéar an fheidhmithe chéimnigh. Ar ndóigh, tá roinnt BCPanna nasctha cheana féin ar oileáin eile – Comharchumann Thoraí Teo (Oileán Thoraí) agus Ionad Pobail Chliara.

Áirítear le BCPanna beo eile i nDún na nGall Amharclann Ghaoth Dobhair, an Dún Riabhach agus Ionad Pobail na Ráithe; agus i measc na BCPanna beo i gContae Mhaigh Eo tá Ionad Pobail an Chaoil, CLG Béal An Mhuirthead agus Ionad Pobail Bhéal Deirg.