An méid a chuirfimid ar fáil

An méid a chuirfimid ar fáil

Táimid chun an méid seo a leanas a chur ar fáil

  • Líonra leathanbhanda ardluais den chéad scoth trína gcuirtear rochtain chothrom ar fáil do chách.
  • An tionscadal teileachumarsáide is mó ar thug Rialtas na hÉireann faoi riamh. Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil.
  • Thart ar 146,000 ciliméadar de shnáithín chun breis agus leathmhilliún teaghlach a cheangal, ina gclúdaítear 96% de mhórchríoch na hÉireann.
  • Beidh suas le 1,800 duine ag obair ar an tionscadal agus é i mbarr a réime.
  • Leathanbhanda ardluais chuig thart ar 115,000 feirm, scoil agus gnó sa chéad dá bhliain, agus 70,000-100,000 eile in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin. Sular féidir an snáithín a leagan, déanfar suirbhéireacht iomlán ar limistéar an chuir i bhfeidhm chéimnigh ionas gur féidir gach infreastruchtúr atá ann a úsáid d’fhonn éifeachtúlacht a chinntiú.
  • Le linn bhliain a haon, cuirfimid thart ar 300 Pointe Nasctha Leathanbhanda (BCP) ar fáil freisin trína gcuirfear rochtain leathanbhanda ardluais ar fáil i ngach contae sa tír.
  • Réimse seirbhísí mórdhíola do sholáthraithe leathanbhanda sna margaí cónaithe agus gnó, ionas go mbainfidh tú leas as réimse roghanna níos leithne mar thomhaltóir.
  • Seirbhísí do gach soláthraí miondíola leathanbhanda ón gceann is mó go dtí an ceann is lú, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach. Ní dhíolfaimid leathanbhanda go díreach leis an tomhaltóir choíche. Ina ionad sin, cuirfear an tseirbhís ar fáil tríd an soláthraí seirbhíse leathanbhanda a roghnaíonn tú.

Léargas ginearálta

An méid atá i gceist:

96% de Mhórchríoch na hÉireann Clúdaithe
146,000 km Snáithín chuig na hÁitribh
Suas le 537,000 Teach, Feirm, Scoil agus Gnó Ceangailte
Suas le 1,800 Post Cruthaithe

An Plean Leathanbhanda Náisiúnta

Is é an Plean Leathanbhanda Náisiúnta (NBP) an tionscadal teileachumarsáide is mó ar thug Stát na hÉireann faoi riamh. Is é an aidhm atá leis tírdhreach na tíre a athrú ó bhonn ó thaobh leathanbhanda de trí leathanbhanda ardchaighdeáin, inacmhainne agus ardluais a chur ar fáil i ngach cuid den tír nach bhfuil teacht ar sheirbhísí dá leithéid ar bhonn tráchtála.

Cinnteoidh an NBP go mbeidh teacht ag gach duine agus gach gnó ar leathanbhanda ardluais, is cuma cén áit ina maireann nó ina n-oibríonn siad. Nuair a chríochnófar é, beidh teacht ag gach cuid den tír ar leathanbhanda nua-aimseartha ar féidir brath air agus atá in ann tacú le riachtanais chumarsáide, faisnéise, oideachais agus siamsaíochta ghlúin an lae inniu agus ghlúnta amach anseo.

Is é Leathanbhanda Náisiúnta Éireann a dhéanfaidh an líonra a leagan amach, a thógáil agus a chur i bhfeidhm trí úsáid a bhaint as meascán d’fhóirdheontas Stáit agus infheistíocht tráchtála. Cuirfear na seirbhísí ar fáil do gach duine i limistéar an chuir i bhfeidhm chéimnigh, arb ionann sin agus 23% den daonra in thart ar 537,000 teach, feirm, scoil agus gnó.

Chun tuilleadh eolais a fháil cliceáil anseo.