Faisnéis Chorparáideach

An Bord Stiúrthóirí

Is é David McCourt atá ina chathaoirleach ar bhord stiúrthóirí NBI. Tá aithne fhorleathan air mar gheall ar an tionchar claochlaitheach a bhí aige ar thionscail na teicneolaíochta, na meán agus na teileachumarsáide le tríocha bliain anuas.

Cuimsíonn an bord ceannairí sna réimsí teileachumarsáide domhanda, infreastruchtúir, tógála, teicneolaíochta, airgeadais agus tráchtála. I dteannta a chéile, bhí stiúrthóirí NBI taobh thiar de roinnt de na tionscadail infreastruchtúir theileachumarsáide is mó ar fud an domhain a mhaoiniú, a leagan amach, a thógáil agus a chur i bhfeidhm, agus tugann siad leo taithí na mblianta agus eolas domhain ar an tionscal.

Chomh maith leis sin, tá stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin ceaptha ag an Aire Cumarsáide.