Maidir linn

Maidir le NBI

Tá Leathanbhanda Náisiúnta Éireann (NBI) i mbun an líonra leathanbhanda snáithín ardluais nua do cheantair thuaithe na hÉireann a leagan amach, a thógáil agus a chur i bhfeidhm. Cuimsítear i bhfoireann NBI roinnt de na daoine is cumasaí in Éirinn agus ar domhan a bhfuil an-eolas agus taithí acu maidir le tionscadail de réir scála an NBP a chur i gcrích. Áirítear leis sin líonraí a fhorbairt, a thógáil agus a chur i bhfeidhm agus comhordú a dhéanamh ar na gnéithe ar fad a theastaíonn chun tionscadal atá chomh mór agus chomh casta le NBP na hÉireann a mhaoiniú agus a chur i gcrích.

Is é Granahan McCourt, infheisteoir idirnáisiúnta i dteicneolaíocht, sna meáin agus i dteileachumarsáid a chuir sinn ar bun. Le breis agus 30 bliain, tá Granahan McCourt ag obair i gcomhar le rialtais, corparáidí agus pobail chun daoine a nascadh trí nuálaíocht in áiteanna ar domhan nach ndéantar freastal ceart orthu ó thaobh na teicneolaíochta de.

Áirítear lenár gcomhpháirtithe KN Group, Secto agus Actavo. Is é Nokia atá i mbun an trealamh gníomhach ar fad a chur ar fáil agus is é 4Site ár gcomhpháirtí maidir leis an líonra a leagan amach. Chomh maith leis sin, táimid ag oibriú le húinéirí infreastruchtúir ar nós eir (an líonra cuaillí agus duchtanna) agus ESB. Beidh freagracht orainn as an líonra leathanbhanda náisiúnta nua a bhainistiú don chéad 25 bliain amach romhainn.