Tá beagnach 800 teach, gnólacht agus feirm i gCiarraí ar Dhairbhre in ann ceangal a dhéanamh le leathanbhanda snáithín ar líonra an NBI™ 

Is féidir le beagnach 22,800 áitreabh i gCo. Chiarraí leas a bhaint as ceangal ardluais inniu 

Dúirt National Broadband Ireland (NBI), an comhlacht atá ag cur an líonra nua ‘snáithín go dtí an baile’ ardluais a sheasfaidh an aimsir i bhfeidhm faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda (NBP) thar ceann an Rialtais, go bhfuil beagnach 800 áitreabh i i nDairbhre i gCiarraí in ann leas a bhaint as ceangal leathanbhanda snáithín ardluais anois. 

Tá 28,000 áitreabh i gCo. Chiarraí san áireamh i Limistéar Idirghabhála an Stáit, ina gcuirfidh NBI luas 500 meigighiotán sa soicind ar a laghad ar fáil do thithe, do ghnólachtaí, d’fheirmeacha agus do scoileanna. Gheobhaidh Co. Chiarraí €107m ón Rialtas san infheistíocht is mó i gceantair thuaithe na hÉireann ó leictriú na tuaithe faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda. 

Tá 766 áitreabh i gCiarraí i gceantar úsáide Dhairbhre ar féidir leo ceangal le líonra NBI™. Tá National Broadband Ireland ag iarraidh ar dhaoine atá ina gcónaí in aice láimhe breathnú ar nbi.ie/map/ agus a nÉirchód a chur isteach chun féachaint an féidir leo ceangal a dhéanamh. 

Cuireadh oibreacha i gcrích in áiteanna eile i gCiarraí, lena n-áirítear na ceantair thuaithe Baile Dháith agus Caisleán Ghriaire. Is féidir le 22,798 áitreabh ar an iomlán leathanbhanda ardluais ar fud na tíre a réamhordú nó a ordú anois agus tá 6,052 áitreabh ceangailte go dtí seo. 

Tá oibreacha tógála líonra ar siúl ar fud Chiarraí freisin agus tá oibreacha ar bun i 2,096 áitreabh in aice le ceantar úsáide Chaisleán Ghriaire, atá le críochnú faoi shamhradh 2026. Is é an bealach is éasca chun stádas cothrom le dáta na n-áitreabh le linn leathadh amach an líonra a fháil ná clárú le haghaidh fógraí ríomhphoist NBI ar /eoi/ maidir leis na háitribh atá réidh le hordú a chur isteach.

Dúirt TJ Malone, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin National Broadband Ireland: “Tá ríméad orainn a fhógairt gur féidir le beagnach 800 áitreabh ar Dhairbhre seirbhísí leathanbhanda ardluais a ordú anois trí líonra an NBI™. Cuirfear ar chumas na ndaoine a cheanglaíonn leis an líonra taithí a fháil ar na buntáistí iontacha a bhaineann le leathanbhanda ardluais a bhfuil luas 500 meigighiotán ar a laghad sa soicind aige. 

Ar an iomlán, is féidir le 22,800 teach, gnólacht agus feirm i gCo. Chiarraí ceangal leathanbhanda snáithín ardluais le líonra NBI™ a ordú. I measc na gceantar sin tá Baile Dháith agus Caisleáin Ghriaire. Táimid ag obair go crua ar an talamh chun dul chun cinn a dhéanamh in áiteanna eile sa tír trí chéimeanna suirbhé innealtóireachta, dearaidh agus tógála. Molaimid do chónaitheoirí i gCiarraí féachaint ar shuíomh gréasáin NBI chun a nÉirchód a sheiceáil agus clárú don nuacht is déanaí.” 

An Dul Chun Cinn atá déanta go Náisiúnta ar an Leathadh Amach

Tá beagnach 404,000 teach, feirm agus gnólacht faoin tuath in Éirinn athraithe anois ag NBI go dtí leathanbhanda ardluais agus tá os cionn 144,000 áitreabh ceangailte anois. Tá an meánráta glactha 35% i bhfad chun cinn ar mheastacháin agus ar chomparáidí idirnáisiúnta agus téann sé os cionn 60% sna háiteanna den tír ina raibh an líonra beo ar feadh 18 mí. 

Soláthróir Leathanbhanda a Roghnú

Is oibritheoir mórdhíola líonra é NBI agus dá bhrí sin, ní dhíolann sé leathanbhanda snáithín go díreach le húsáideoirí deiridh ach seirbhísí ó réimse soláthróirí leathanbhanda nó ó Sholáthraithe Seirbhíse Miondíola (RSPanna) a chumasú. Ós rud é gur soláthraí mórdhíola é NBI, cuirfear an líonra snáithín go dtí an baile ar fáil do gach soláthraí seirbhíse miondíola atá ag obair sa cheantar úsáide.    

Tá 72 soláthraí seirbhíse miondíola cláraithe cheana féin chun seirbhísí ar líonra an NBI™ a dhíol agus tá deimhniúchán ag 66 acu chun naisc a chur ar fáil amhail an lá inniu. Chun na soláthróirí miondíola leathanbhanda a bhfuil ceadúnas acu i láthair na huaire chun seirbhísí a dhíol ar líonra an NBI a fheiceáil, téigh chuig NBI.ie/buy.   

Coinnigh ar an eolas!   

Tá NBI ag moladh do dhaoine a n-incháilitheacht a sheiceáil agus clárú chun an t-eolas is déanaí a fháil ar www.nbi.ie chun fógraí rialta a fháil maidir lena n-áitribh féin de réir mar a bhíonn oibreacha ag dul chun cinn ina gceantar.   

Pointí Ceangail Leathanbhanda 

Soláthraíonn an Plean Náisiúnta Leathanbhanda Pointí Ceangail Leathanbhanda (PCLanna) ar fud na tíre sula dtosaítear ag leathadh amach an tsnáithín go dtí an baile. Tá 955 de na láithreáin seo, Pointí Ceangail Leathanbhanda Poiblí san áireamh, ‘beo’ anois. Cuirfidh pointí ceangail leathanbhanda poiblí – clubanna spóirt, ionaid pobail agus suíomhanna turasóireachta ina measc – rochtain phoiblí ar fáil saor in aisce ar idirlíon ardluais sa limistéar feidhme. Tá scoileanna agus marglanna i measc na gcatagóirí PCL eile. 

Réiteoidh PCLanna an bealach do phobail tuaithe chun go mbeidh siad ábalta lántairbhe a bhaint as leathanbhanda, idir obair ar an bhfón, ríomhfhoghlaim, baincéireacht mhóibíleach, agus turasóireacht dhigiteach. Is féidir pointí ceangail leathanbhanda a fheiceáil ar www.nbi.ie/bcp-map/. Ar shampla de roinnt suíomhanna Pointí Ceangail Leathanbhanda i gCiarraí tá Com Uí Dhuibh, Stáisiún Cáblaí Trasatlantach Dhairbhre agus Ionad Pobail na Cille Duibhe. Tá ceangal déanta le bunscoileanna sa Cheantar Úsáide anois le haghaidh rochtain oideachais mar chuid den Phlean Náisiúnta Leathanbhanda.