• Cruthaíodh níos mó ná 1,000 post do dhaoine oilte leis an tionscadal i dtráth níos lú ná 17 mí
  • Tá fostaíocht ar an tionscadal cruthaithe i ngach contae sa tír agus tacaíocht á tabhairt don fheidhmiú céimneach náisiúnta
  • 55 phost arna bhfostú ón gclár beo
  • Cruthófar deiseanna fostaíochta breise de réir mar a fheidhmeofar an clár go céimneach ar fud na tíre, agus táthar ag súil go gcruthófar 1,800 post thar shaolré an tionscadail

16 Meitheamh 2021: D’fhógair Leathanbhanda Náisiúnta Éireann (NBI) inniu, an chomhlacht a bhfuil an Plean Náisiúnta Leathanbhanda (NBP) á chur i bhfeidhm aige ar son an Rialtais, gur fostaíodh níos mó ná 1,000 duine ar an tionscadal ó cuireadh tús leis i mí Eanáir 2020. 

Mar an infheistíocht is mó agus is suntasaí i gceantair thuaithe in Éirinn, aithnítear an Plean Náisiúnta Leathanbhanda mar cheann de na tionscadail teileachumarsáide is uaillmhianaí ar fud an domhain lena soláthrófar leathanbhanda ardluais do níos mó ná 1.1 milliún duine.

Agus é freagrach as líonra leathanbhanda snáithín ardluais nua na hÉireann a dhearadh, a thógáil agus a oibriú, d’fhás NBI an fhoireann dá chuid ó rud beag níos mó ná 30 duine go 230 duine sna 17 mí ó cuireadh tús leis an obair. Tá NBI freagrach freisin as slabhra soláthair fairsing d’fhochonraitheoirí speisialtóra a bhainistiú chun cuidiú leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda a chur i bhfeidhm, agus cruthaíodh deiseanna fostaíochta breise do níos mó ná 800 duine leis sin go dtí seo. 

Dúirt an Tánaiste agus an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Leo Varadkar TD: “Creidim go mbeidh an Plean Náisiúnta Leathanbhanda ina bhunathrú mór d’Éirinn.  Tríd an bhearna dhigiteach idir ceantair tuaithe agus ceantair uirbeacha a dhúnadh osclóidh muid deiseanna nua do dhaoine chun cónaí, chun obair a dhéanamh agus chun gnólacht a fhás i gCeantair Thuaithe in Éirinn.  Cinnteofar leis sin freisin go mbeidh an rochtain chéanna ag páistí atá ag fás i gCeantair Thuaithe in Éirinn ar acmhainní oideachasúla ar líne agus a bheidh ag a bpiaraí uirbeacha, go mbeidh níos mó deiseanna ag oibrithe chun obair a dhéanamh go cianda agus gur féidir le hothair a chónaíonn i gceantair thuaithe bheith ina gcuid den réabhlóid Ríomhchúraim Sláinte atá ag teacht.”

“Is é an Plean Náisiúnta Leathanbhanda an infheistíocht is mó a rinneadh riamh i gceantair thuaithe in Éirinn agus is rud é as a bhfuil mé thar a bheith bródúil.  Tar éis na mblianta de dhrochsheirbhís, gheobhaidh gach baile, gach feirm agus gach gnólacht leathanbhanda ardluais iontaofa, is cuma cá háit ina bhfuil siad.”

“Leis na 1,000 post nó os a chionn seo tá deiseanna á gcur ar fáil do dhaoine atá ina gcónaí i ngach contae sa tír.  Chonaiceamar an fíorluach a bhaineann le nascacht le linn na bliana seo a chuaigh thart. Tá fhios agam go bhfuil obair chrua déanta ag Leathanbhanda Náisiúnta Éireann chun an Plean a chur i bhfeidhm chomh gasta agus chomh éifeachtach agus a bhí indéanta, d’ainneoin dhúshláin na paindéime.”

Dúirt an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Eamon Ryan TD: “Is tionscadal bunathraitheach é an Plean Náisiúnta Leathanbhanda agus is príomhghné é de Thionscadal Éireann 2040, an straitéis fhadtéarma dar gcuid chun Éire níos fearr a chruthú do gach duine. Trí rochtain níos fearr ar leathanbhanda cuideofar le foghlaim níos mó agus le hobair chianda níos mó a éascú mar aon le forbairt réigiúnach atá níos cothroime, agus poist agus rath á roinnt fud fad na tíre. Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag obair go dlúth le NBI chun an bonneagar uaillmhianach seo a sholáthar agus is cúis áthais dom go bhfuil níos mó ná 1,000 post curtha ar fáil do dhaoine oilte go dtí seo, agus deiseanna fostaíochta á bhforbairt i ngach contae ar fud na tíre.”

Tríd an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda déanfar níos mó ná 544,000 baile mar aon le gnólachtaí agus feirmeacha ar fud na hÉireann a nascadh le leathanbhanda ‘snáithín chun an bhaile’ ardluais, agus dóthain snáithín á úsáid a rachadh timpeall an domhain ceithre huaire beagnach.  Ag buaicphointe an fheidhmithe chéimnigh, táthar ag súil go gcruthófar suas le 1,800 post leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda.                       

Dúirt David McCourt, Cathaoirleach NBI: “Is ionann na foirne dár gcuid atá ag obair ar Phlean Náisiúnta Leathanbhanda na hÉireann agus cuid de na daoine is cliste agus is fearr i dteileachumarsáidí áit ar bith ar domhan.  Ó tháinig an conradh i bhfeidhm i mí Eanáir 2020, mhéadaíomar ár bhfoireann go mear ag NBI agus d’oibríomar go dlúth lenár bhfochonraitheoirí príomhúla a bhfuil lucht saothair atá ag fás á bhainistiú acu chun an tionscadal suaitheanta seo a chur i gcrích ar bhonn comhoibritheach.” 

“Mar thionscadal de thábhacht náisiúnta, atá ag oibriú ar fud gach contae, tá sé ríthábhachtach go n-úsáideann muid tallann áitiúil i ngach réimse dár dtionscadal tógála agus tá an-áthas orainn, d’ainneoin na timpeallachta dúshlánaí mar thoradh ar phaindéim Covid-19, go rabhamar in ann níos mó ná 1,000 duine a tharraingt agus a fhostú go rathúil a bhfuil ról ríthábhachtach ag gach duine acu.”

Agus iad ag obair i gcomhpháirtíocht le NBI, tá níos mó ná 20 fochonraitheoir speisialtóra ag cuidiú le deiseanna fostaíochta fairsinge a chruthú ar fud na tíre. Cé gur cruthaíodh fostaíocht i ngach contae, bhí sí thar a bheith ard sna contaetha a leanas: Cill Dara (69), Dún na nGall (31), Corcaigh (49), An Cabhán (23), Ciarraí (69), Luimneach (78), Tiobraid Árann (35), Cill Chainnigh (22) agus Uíbh Fhailí (28)  Líonadh 55 phost ón gclár beo freisin.

Cumhdaítear suirbhé, dearadh agus tógáil an líonra snáithín ardluais nua le deiseanna fostaíochta an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda, mar aon le róil eile amhail TF, oibriúcháin líonra, díolacháin agus margaíocht, cúrsaí dlí agus bainistíocht tionscadail. 

Lean David McCourt, Cathaoirleach NBI, le rá: “Rinne ár bhfoirne ar fud na tíre beagnach 223,000 suirbhé agus níos mó ná 174,000 dearadh maidir le háitribh aonair agus is iad sin na chéad chéimeanna criticiúla san fheidhmiú céimneach seo. Mar thoradh air sin tá 92,000 áitreabh sa tionscadal tógála faoi láthair agus tá níos mó ná 19,000 áitreabh eile réidh le hordú. Is é atá i gceist le hobair an tsuirbhé na bealaí a shiúl go fisiciúil a leagfar an snáithín iontu. Cé go bhfuilimid ag obair i gcomhréir le treoirlínte Covid-19 an Rialtais d’fhonn ár bhfoirne agus an pobal a choimeád sábháilte, tá ár seacht ndícheall á ndéanamh againn chun a chinntiú gur féidir linn áitribh a nascadh a luaithe is féidir.”

Chun níos mó a fháil amach faoi dheiseanna fostaíochta arna gcruthú ag an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda, tabhair cuairt ar www.nbi.ie/careers/ nó más mian leat incháilitheacht a sheiceáil agus clárú le haghaidh nuashonruithe, tabhair cuairt ar www.nbi.ie.

Nótaí don Eagarthóir

Maidir le NBI

Tá Leathanbhanda Náisiúnta Éireann (NBI) i mbun an líonra leathanbhanda snáithín ardluais nua do cheantair thuaithe na hÉireann a dhearadh, a thógáil agus a oibriú ar son Rialtas na hÉireann.

Cuimsítear i bhfoirne NBI roinnt de na daoine is cumasaí in Éirinn agus ar domhan a bhfuil an-eolas agus taithí acu maidir le tionscadail de réir scála an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda (NBP) a chur i gcrích. Áirítear leis sin líonraí a fhorbairt, a thógáil agus a oibriú agus comhordú a dhéanamh ar na gnéithe ar fad a theastaíonn chun tionscadal atá chomh mór agus chomh casta le NBP na hÉireann a mhaoiniú agus a chur i gcrích.

Is é Granahan McCourt, infheisteoir idirnáisiúnta i dteicneolaíocht, sna meáin agus i dteileachumarsáid a chuir NBI ar bun. Le breis agus 30 bliain, bhí Granahan McCourt ag obair i gcomhar le rialtais, le corparáidí agus le pobail chun daoine a nascadh trí nuáil in áiteanna ar domhan nach ndéantar freastal ceart orthu ó thaobh na teicneolaíochta de.

Tá an trealamh gníomhach don tionscadal á chur ar fáil ag Nokia agus is iad 4Site, Actavo agus Entegro na comhpháirtithe maidir le dearadh an líonra. San áireamh le comhpháirtithe tógála NBI tá Actavo, KN Group, Secto agus TLI. Chomh maith leis sin, tá NBI ag obair le húinéirí agus le hoibritheoirí bonneagair amhail open eir (an líonra cuaillí agus duchtanna) agus Enet (MANanna faoi úinéireacht an Stáit).

Beidh NBI freagrach as an líonra leathanbhanda náisiúnta nua a bhainistiú don chéad 25 bliana amach romhainn ar a laghad.

Maidir leis an Limistéar Idirghabhála

Is tionscadal an Rialtais é an Plean Náisiúnta Leathanbhanda (NBP) chun seirbhísí leathanbhanda ardluais a sholáthar do gach áitreabh in Éirinn. Cuirfear é sin i gcrích trí idirghabháil ag an Stát sna codanna sin den tír ina bhfuil sé léirithe ag cuideachtaí príobháideacha nach bhfuil pleananna ar bith acu infheistíocht a dhéanamh.

Áirítear sa Limistéar Idirghabhála Stáit don Phlean Náisiúnta Leathanbhanda níos mó ná 544,000 áitreabh agus níos mó ná 1.1 milliún duine agus áirítear tithe nua ar bith leis a thógfar sa Limistéar Idirghabhála sna chéad 25 bliana le teacht

Is féidir amharc ar an Limistéar Idirghabhála agus Léarscáil Leathanbhanda Ardluais an Rialtais á húsáid (https://www.gov.ie/en/publication/5634d-national-broadband-plan-map/) lena dtaispeántar na limistéir atá san áireamh leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda. Tá an léarscáil dathchódaithe agus inchuardaithe faoi sheoladh agus faoi Eircode

Dul Chun Cinn san Fheidhmiú Céimneach

Tá oibríochtaí ar siúl ag foirne NBI ar fud na 26 chontae uile agus faoi láthair tá tógáil ar siúl, an chéim dheireanach de chur i gcrích an líonra, i mbailte fearainn ar fud Corcaí, an Chabháin, na Gaillimhe agus Luimnigh. I mí Eanáir i mbliana, rinne NBI na chéad naisc chónaitheacha leis an líonra nua agus bhí sé ag scaoileadh níos mó áitreabh don mhargadh de réir a chéile de réir mar a chuirtear obair thógála i gcrích sna limistéir sin, agus timpeall 19,000 acu ar fáil le hordú faoi láthair.

Mar sholáthraí mórdhíola, ní dhíolann NBI go díreach le tomhaltóirí ach ina ionad sin cuireann sé an líonra ar fáil do Sholáthraithe Seirbhíse Miondíola (RSPanna) a oibríonn sa Limistéar Idirghabhála Cláraigh thart ar 44 RSP cheana féin chun seirbhísí a dhíol ar líonra NBI. Táthar ag súil go mbeidh tairbhí suntasacha ina dtoradh air sin do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí nuair a chinnteofar trí iomaíocht idir RSPanna go mbeidh roghanna ar fáil i bpacáistí cuachta ardchaighdeáin maidir le guth, leathanbhanda, teilifís agus fóin phóca ar phraghsanna iomaíocha