Tús le cur le suirbhéireacht an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda ar thrí oileán amach ó chósta na Gaillimhe

Tá sé fógartha ag Leathanbhanda Náisiúnta Éireann (NBI), an chuideachta atá ag rolladh amach an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda, go bhfuil obair shuirbhéireachta le tosú sna seachtainí amach romhainn ar Oileáin Árann. 

Dúirt Peter Hendrick, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Leathanbhanda Náisiúnta Éireann: “Tá sé de mhisean ag Leathanbhanda Náisiúnta Éireann a chinntiú nach mbeidh pobal ar bith fágtha ar leataobh faoin bPlean Náisiúnta Leathanbhanda, is cuma má tá an pobal thar a bheith scoite amach nó faoin tuath; agus tá oileáin amach ón gcósta san áireamh dar ndóigh. Tá an-bhród orainn nascacht a chur ar fáil do na hoileáin mar chuid dár gcuid oibre, agus tá áthas orm a rá go bhfuil dul chun cinn déanta anois i dtreo bhonneagar leathanbhanda ardluais a chur ar fáil do níos mó ná 1,000 teach agus gnólacht ar Oileáin Árann. 

Beidh foirne Leathanbhanda Náisiúnta Éireann ar an láthair ar Inis Mór, Inis Oírr agus Inis Meáin sna seachtainí amach romhainn chun tús a chur le suirbhéanna innealtóireachta. Is céim ríthábhachtach í an obair phleanála seo a dhéanann eolas do leagan amach mionsonraithe an líonra agus a chinneann na háiteanna ina mbeidh trealamh riachtanach an líonra. Nuair a bheidh na suirbhéanna críochnaithe againn, rachaimid ar aghaidh go dtí céim an deartha. Deimhnítear an bonneagar atá ann le linn na céime seo agus tugtar aon riachtanais bhreise ar aird, amhail cumhacht agus an t-achar riachtanach a bheidh i gceist chun an líonra a thógáil. Oibreoidh na pleanálaithe agus suirbhéirí i gcomhar leis an Údarás Áitiúil, le páirtithe leasmhara ábhartha agus le muintir an oileáin i rith an ama.

Nuair a bheidh céim na pleanála agus céim an deartha curtha i gcrích, tosóimid ar an tógáil agus ar deireadh thiar cuirfimid rochtain ar leathanbhanda ardluais ar fáil a bhfuil ar a laghad 500 meigighiotán in aghaidh an tsoicind i gceist leis. Mholfainn d’áitritheoirí an t-eolas is deireanaí a fháil faoi dhul chun cinn Leathanbhanda Náisiúnta Éireann trí fhreastal ar imeachtaí áitiúla a bheidh ar siúl go luath, trí chlárú don eolas is deireanaí a bhaineann go sonrach le hÉirchód ar ár láithreán gréasáin ag www.nbi.ie/eoi nó trí ghlaoch a chur ar ár n-ionad teagmhála ag 0818 624 624, áit ar féidir leo a bheith cláraithe freisin chun an t-eolas is deireanaí amach anseo a fháil.

Tá bonneagar Leathanbhanda Náisiúnta Éireann beo cheana féin ar dheich n-oileán lena n-áirítear Inis Uí Drisceoil agus Inis Fada amach ó chósta Chorcaí; Tairbeart agus Inis Toirc Theas amach ó chósta na Gaillimhe; Inis Laidhre agus Collainn Mhór amach ó chósta Mhaigh Eo; chomh maith le hInis Fraoigh, Inis Mhic an Doirn, Eadarinis agus An tÍochtar amach ó chósta Dhún na nGall. (Féach tuilleadh eolais sa nóta thíos.)