Cód iompair

Cód iompair

Tá an Chuideachta tiomanta do na caighdeáin is airde i ndáil le hionracas gnó. Baineann an Cód Iompair le gach duine atá ag obair laistigh de Leathanbhanda Náisiúnta Éireann i ngach cáil e.g. mar fhostaí de chuid na Cuideachta, mar sholáthraí seirbhíse nó mar fhostaí de chuid soláthraí seirbhíse, agus éilítear ar gach duine dá leithéid gníomhú le macántacht agus ionracas i gcónaí.

ACHOIMRE AR PHRÍOMHGHNÉITHE AN CHÓID

  1. Aimsímid Gnó ar Bhealach Cothrom
    Aimsíonn an Chuideachta gnó bunaithe ar láidreacht agus caighdeán na seirbhíse a chuirtear ar fáil. Ní thugaimid tabhartais ná aon ní luachmhar eile d’fhonn tairbhe nó buntáiste gnó de chineál ar bith a fháil, agus ní thugaimid cead do dhaoine eile amhlaidh a dhéanamh ar ár son.
  2. Ní Ghlacaimid Páirt i gCleachtais Margaidh Éagothroma
    Tá an Chuideachta díograiseach faoi dhul in iomaíocht ar bhealach cothrom agus gnó a aimsiú trí éirim, cruthaitheacht agus obair dhian. Tá cosc ar chleachtais nó gníomhaíochtaí a chuireann srian le hiomaíocht ar bhealach éagothrom.
  3. Déileálaimid le Custaiméirí le hIonracas agus le Meas
    Caithfimid le custaiméirí go hionraic agus le meas. Go háirithe, cuirimid ár dtáirgí agus a bhfeidhmiú i láthair ar bhealach cruinn agus ní thugaimid faoi chleachtais mhealltacha, míthreoracha ná éagothroma.
  4. Tá Cosc ar Bhreabaireacht nó Gníomhartha Éillitheacha
    Ní mór do dhaoine a mbaineann an cód leo gan toiliú do chion i ndáil le breabaireacht ná éilliú agus ní mór dóibh gan é a chúlcheadú ná a cheadú.
  5. Ní Mór Duit Gan Tabhartais a Iarraidh Ná Iad a Ghlacadh
    Ní mór do dhaoine a mbaineann an cód leo gan tabhartais a iarraidh ná a ghlacadh ná cúiteamh mar spreagadh nó sochar airgid as rud ar bith a dhéanamh, nó staonadh ó rud ar bith a dhéanamh, nó as fabhar nó mífhabhar a léiriú i leith duine ar bith.
  6. Tá Cosc ar Íocaíocht, ar Ghlacadh le hÉascú agus ar Shíntí Láimhe
    Ní Dhéanann an Chuideachta íocaíochtaí éascaithe ná síntí láimhe de chineál ar bith agus ní ghlacfar leo.
  7. An Riachtanas maidir le Gníomhú Chun Leas na Cuideachta i gCónaí agus Coinbhleachtaí Leasa a Sheachaint.

Ní mór do dhaoine a mbaineann an cód leo gníomhú chun leas na Cuideachta i gcónaí agus ní ar son tairbhe ná buntáiste pearsanta dóibh féin.

  1. Tá Cosc ar Shócmhainní na Cuideachta a Mhí-úsáid
    Ní mór do dhaoine a mbaineann an cód leo gan mhaoin nó faisnéis na Cuideachta a chur amú ná a mhí-úsáid.
  2. Dualgas Rúndachta
    Tá sé de dhualgas ar dhaoine a mbaineann an cód leo faisnéis faoi rún maidir leis an gCuideachta, a chustaiméirí, soláthraithe agus fostaithe a chosaint.
  3. Tá Cosc ar Aon Ní a Chuireann isteach ar Ionracas an Ráitis Airgeadais
    Ní mór d’fhostaithe gan rud ar bith a dhéanamh a chuireann isteach ar ionracas na ráiteas airgeadais.
  4. Tá Cosc ar Dheonacháin Pholaitiúla
    Tá an Chuideachta neodrach ó thaobh na polaitíochta de agus tá cosc ar dheonacháin pholaitiúla de chineál ar bith.